
Scoil Chláirsí Stairiúla na Briotáine
Fáilte!
An Chláirseach: telenn
Tháinig an luath-chláirseach Cheilteach anuas chugainn trí uirlisí
áille na Meánaoise a ndearnadh caomhnú orthu i gColáiste na Tríonóide,
Baile Átha Cliath, i Músaem Náisiúnta na hAlban, Dún Éideann, agus
greanta i gcloch in eaglaisí na Briotáine cosúil leis an gcláirseach in Ard-
Eaglais Quimper.
Bhí an chláirseach (telenn sa Bhriotáinis) i gcónaí faoi chosaint ag
sochaí na gCeilteach de bharr a buanna aontaitheacha agus armóine.
Bhí ardmheas uirthi agus d'fhaightí í i gcúirteanna rithe agus taoiseach,
i dtithe na mbard agus na ndraoithe, i gceartlár na sibhialtachta Ceiltí.
Is toisí cothroma a gnéithe ar leith - fuaimbhosca aonphíosa agus téada
cré-umha a seinntear leis na hingne a chruthaíonn fuaim tholl
Criostalach le hathshondas fada.
Ba í an uirlis seo a chuir tús le córas ceoil léannta, uathúil san Iarthar
agus stór píosaí ceoil do gach ócáid an tsaoil.
I ndiaidh dhá chéad bliain ina tost tá an chláirseach ar ais arís.
Is í aidhm chumainn Hent Telenn Breizh cláirseach stairiúil na Briotáine
a athaimsiú, a chur chun cinn agus a hoidhreacht uilíoch a thabhairt do
na glúnta atá le teacht.
Ár n-obair:
Taighde:
-
Stair na Cláirsí Ceiltí
-
Déanamh na Cláirsí Ceiltí Stairiúla
-
Teicnící seinnte de réir lámhscríbhinní cláirsí agus an traidisiúin béil
Ag fágáil Oidhreachta:
-
Ranganna cláirsí agus ceardlanna
-
Ranganna agus ceardlanna amhránaíochta traidisiúnta agus cantaireachta Ceiltí
Eagrú agus foilsitheoireacht:
-
Ceolchoirmeacha, fest- noz, comhdhálacha
-
Taifeadaí agus eagarthóireacht leabhar
Ranganna cláirsí:
Tugaimid ranganna cláirsí agus ceardlanna i bPlouneour-Menez (29) agus i gCléguer (56)
Oibrímid le teicnící seinnte stairiúla ag úsáid ingne ar théada cré-umha
Teagscóirí: Violaine Mayor agus Mikaël Herrou

Ranganna amhránaíochta traidisiúnta
Ranganna amhránaíochta traidisiúnta ón Bhriotáin (i mBriotáinis agus i bhFraincis). Amhránaíocht do dhamhsa, amhránaíochta do shiúlóidí, agus siúlóidí amhránaíochta, gwerz (bailéid shean-nóis), kan ha diskan (amhránaíocht do dhamhsa).
Cantaireacht Cheilteach ó lámhscríbhinní Meánaoiseacha.
Teagascóir: Violaine Mayor

Ceolchoirmeacha
Eagraíonn Hent Telenn Breizh ceolchoirmeacha cláirsí Ceiltí le cláirseoirí aonaracha nó bannaí ceoil ina nglacann an chláirseach páirt lárnach.


Ceardlann na cláirsí Ceiltí stairiúla
Oibríonn Hent Telenn Breizh le ceardlanna Harpes Herrou a dhéanann
cláirsigh Cheilteacha de réir an traidisiúin ársa.
Tacaigh linn
An maith leat tacú lenár n-obair ar son na cláirsí stairiúla?
Is féidir leat ballraíocht a thogáil nó do rogha síntiús a thabhairt ag le €5!